Revelation 11:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá do chúmhachduibh aca so neamh do dhúnadh, ionnas nach mbíadh fearthuin ann a laethibh a bhfáidheadóireachda: agus atá cúmhachda aca ós na huisgidhibh ar a niompógh a bhfuil, agus ar an dtalamh do bhúaladh ré gach uile ghné phláighe, comhminic as áill ríu.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Atá ar chumas dóibh an spéir do dhúnadh, chum nach dtuitfidh aon bháisteach ar feadh laethe a dtarngaireachta: agus atá ar chumas dóibh na h‐uiscí d’athrú ’n‐a bhfuil, agus an talamh do bhualadh le gach saghas pláighe, chómh minic agus is áil leo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn sé de chumh-acht acu an spéir a dhúnadh, ionas nach mbeidh aon bháisteach ann sna laethanta a mbíonn siad ag fáidhead-óireacht, agus bíonn de chumhacht acu na huiscí a thiontú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le plá ar bith chomh minic agus is mian leo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeadh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá sé de chumhacht acu na spéartha a iamh i dtreo nach mbeidh aon bháisteach ann le linn laethanta a bhfáidheoireachta; agus tá de chumhacht acu na huiscí a iompú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le gach sórt plá a mhinice agus is mian leo.