Revelation 11:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus béid a gcuirp sínte ar shráidibh na caithreacha moire, dá ngoirthear go spioradálta Sodom agus a Néigipt, sa nionad fós ann ar céusadh ar Dtíghearna.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus béidh a gcuirp sínte ’n‐a luighe i sráid na cathrach móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasadh a dTighearna, chómh maith.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus luífidh a gconablaigh i sráid na cathrach móire, a dtugtar go fáithchiallach an tSodóm agus an Éigipt uirthi, an t-ionad céanna inar céasadh ár dTiama.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire ar a dtugtar go fíorúil Sodom, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus beidh a gcorpáin ina luí ar shráid na cathrach móire–ar a dtugtar go fíorúil Sodam, agus an Éigipt mar ar céasadh a dTiarna chomh maith;