Revelation 11:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chífid cuid do na treabhuibh agus do na puibleachuibh agus do na teangthuibh agus do na cineadhachuibh a gcuirp feadh thrí lá go leith, agus ní léigfid a gcuirp do chur a dtúamnighibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus béidh daoine de gach treibh, agus de gach teangain, agus de gach cineadh ag dearcadh ar a gcorpaibh ar feadh trí lá go leith, agus ní leigfidh siad d’á gcorpaibh bheith g‐á gcúr i dtuama.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
I gcaitheamh trí lá go leith beidh a gconablaigh á mbreathnú ag daoine as gach pobal agus treibh agus canúint agus cine gan cead adhlactha le fáil uathu,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus daoine ó gach pobal agus treibh agus teanga agus cine ag stánadh ar a gcorpáin ar feadh trí lá go leith, gan cead a thabhairt iad a adhlacadh;