Revelation 12:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh rugadar buáidh air tré fhuil a Nuáin, agus tré bhréithir a fhiadhnuise; agus ní raibh suim aca na nanam féin go bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus rugadar buaidh air tré fhuil an Uain, agus tré bhriathar a bhfiadhnaise: agus níor chuireadar suim ’na n‐anam go dtí an bás féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach rug siad bua air tri fhuil an Uain agus tri bhriathar a bhfianaise, ó ba bheag leo a mbeo go bás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n-anam thar an mbás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n-anam thar an mbás.