Revelation 12:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadh don mhnaói dhá sgiathán iolair mhóir, chum dul dí ar eitealluigh fán bhfásach, dá hionad féin, sa náit a noiltear í feadh aimsire, agus aimsiorach, agus leith aimsire, ó amharc a naithir nimhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tugadh dhá sciathán an iolair mhóir do’n mhnaoi, chum go dteichfeadh sí go dtí n‐a h‐áit féin san bhfásach, mar a mbeathuightear í ar feadh tréimhse, agus dhá thréimhse, agus leath‐tréimhse i bhfad ó aghaidh an dragúin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bronnadh dhá eite an iolair mhóir ar an mbean, le héalú ar eitilt ón nathair nimhe chun an fhásaigh, go dtí an t-ionad a n-oilfear í ar feadh trátha agus dhá thráth agus leaththráth.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n-eitleodh sí léi amach san fhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfear cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tugadh don bhean dhá sciathán iolair mhóir chun go n-eitleodh sí léi amach sa bhfhásach ón dragan go dtí a háit féin, mar a gcuirfí cóir uirthi ar feadh trátha, dhá thráth agus leath trátha.