Revelation 12:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghábh fearg an dragún ris an mnaói, agus do imthigh sé do dhéunamh coguidh ris an gcuid eile dá síol, choimhéudas aitheanta Dé, agus aga bhfuil fíadhnuise Iósa Críosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’éirigh an dragún feargach leis an mnaoi, agus d’imthigh sé chum cogadh do chur ar an gcuid eile d’á sliocht, ar lucht coimheádta aitheanta Dé, go bhfuil fiadhnaise Íosa aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí fearg ar an nathair nimhe ansin leis an mbean, agus dʼimigh sé a chur cogaidh ar thuilleadh dá sliocht, mar atá ar an dream a chomhallas aitheanta Dé agus a thugas fianaise ar Íosa. Agus sheas sé ar ghaineamh na farraige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí an dragan, más ea, i bhfearg leis an mbean, agus d' imigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí an dragan, más ea, i bhfeirg leis an mbean, agus dʼimigh sé leis chun cogadh a fhearadh ar an gcuid eile dá sliocht, iad siúd a choimeádann aitheanta Dé agus a thugann fianaise ar Íosa.