Revelation 12:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do tharruing a earball an treas cuid do réultuibh nimhe, agus do theilg íad chum na talmhan: agus do sheas an dragún a bhfiadhnuisi na mná do bhí ré hadhuigh a toirrcheasa de bhreith, chum a leinbh do shlugadh dhó ar na bhreith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do tharraing a earball an treas cuid de réaltanaibh na spéire ’n‐a dhiaidh, agus do theilg sé chum na talmhan iad: agus do sheasuigh an dragún os cómhair na mná do bhí ar tí an leanbh do bhreith, chum go sluigfeadh sé an leanbh chómh luath agus béarfaí é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tharraing a eireaball trian de réaltaí neimhe leis gur chaith anuas chun talaimh iad. Agus sheas an dragún os coinne na mná a bhí ar tí breithe, go slogfadh sé an leanbh ina chraos chomh luath agus a bhéarfaí é;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith d' fhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scuab a eireaball trian de réaltaí na spéire chun siúil agus theilg iad chun talún. Sheas an dragan os comhair na mná a bhí ar tí leanbh a bhreith dʼfhonn an leanbh a shlogadh nuair a bhéarfadh sí é.