Revelation 13:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cía bé bhéuras neach ris a mbruid rachuidh sé féin a mbruid: cía bé mharbhas ré cloídheamh is éigean é féin do mharbhadh ré cloídheamh. Is ann so atá foighid agus creideamh na náomh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé duine threoruigheas chum daor‐bhroide, is chum daor‐bhroide rachas sé; cibé duine mharbhas le claidheamh, ní foláir a mharbhadh féin le claidheamh. Annso is eadh atá foighid agus creideamh na naomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má tá sé i ndán do dhuine bheith ina bhraighdeanach, is i mbraighdeanas a théann sé; an té a mharaíos le béal claímh, is le béal claímh a chaithfear a mharú. Is anseo atá riachtanas le dochloíteacht agus le creideamh ó naoimh Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Má tá geibheann i ndán d' aon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Má tá géibheann i ndán dʼaon duine, i ngéibheann a rachaidh sé. Má tá aon duine le bás a fháil le faobhar claímh, ní foláir é a bhású le claíomh. Anseo a éilítear foighne agus creideamh na naomh.”