Revelation 13:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé ainmhidhe eile ag éirghe as an dtalamh; air a rabhadar dhá adháirc cosmhuil ré hadhárcuibh uáin, achd do labhradh se mar dhragún.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas ainmhidhe eile ag teacht aníos as an talamh agus dhá adhairc do bhí cosmhail le h‐adharcaibh uain aige, acht do labhair sé mar labharfadh dragún.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé ansin beithíoch allta eile a dʼéirigh aníos as an talamh; bhí dhá adharc mar uan air agus urlabhra dragúin aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé, ag éirí ón talamh, beithíoch eile ar a raibh dhá adharc mar uan agus a labhair mar dhragan.