Revelation 13:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rinne sé gach ní dár bhféidir ris an gcéud ainmidhe dhéunamh dhá lathair, agus tug sé air an dtalamh agus air an druing áitreabhas ann onóir do thabhairt don chéud áinmhidhe, agár leigheasadh a chneadh bháis.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus oibrigheann sé smacht an chéad ainmhidhe ’n‐a fhiadhnaise, agus cuireann sé d’fhiachaibh ar a bhfuil ar talamh ’n‐a gcómhnaidhe ann adhradh do thabhairt do’n chéad ainmhidhe go raibh a ghoin bháis leigheasta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíonn sé ag cur cumhacht an chéad bheithígh in éifeacht ina láthair, agus é ag tabhairt ar an domhan agus a áitreabhaigh uile an chéad bheithíoch a adhradh, ar cneasaíodh a ghoin bhásmhar.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo á cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá cumhacht uile an chéad bheithígh aige seo dá cur i bhfeidhm ina láthair; agus cuireann sé faoi deara don domhan, agus do gach duine a áitíonn ann, sléachtadh le hómós don chéad bheithíoch a bhfuil an ghoin bháis air leigheasta.