Revelation 13:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do mheall sé an luchd áitreabhas an talamh do bhrígh na miorbhuileadh tugadh dhó ré a ndéunamh láthair a nainmhidhe; ag rádh ris an luchd áitreabhas an talamh, Iomháigh a dhéunamh don náinmhidhe, air a raibh an buille cloidhimh, agus do bhí béo.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus meallann sé áitreabhaigh an domhain leis na comharthaí seo a gceadaítear dó a oibríú i láthair an bheithígh allta, ag ordú dóibh íomhá a dhéanamh don bheithíoch a goineadh leis an gclaíomh agus a mhair ina dhiaidh;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)