Revelation 13:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadh cúmhachda dhó, sbíorad do thabhairt díomháigh a náinmhidhe, ionnus go laibhéoradh iomháigh a nainmhidhe, agus go dtiubhradh fó deara an mhéidnach dtiubhradh onóir díomhaigh a nainmhidhe, do mharbhadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tugadh de chumhacht dó anál do thabhairt d’íomháigh an ainmhidhe, chum go labharfadh íomháigh an ainmhidhe, agus chum go ndéanfadh sé an méid daoine nach dtiubhradh adhradh do’n ainmhidhe do chur chum báis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus a chead aige anáil a chur in íomhá an bheithígh allta go mbíonn fiú cumas labhartha ag íomhá an bheithígh allta, agus a chead aige an dream nach toil leo íomhá an bheithígh allta a adhradh a chur chun báis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ceadaíodh dó anam a chur i ndealbh an bheithígh, i dtreo go labhródh dealbh an bheithígh fiú amháin; agus go marófaí cibé duine nach sléachtfadh le hómós do dhealbh an bheithígh.