Revelation 13:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus bá cosmhuil an tainmhidhe do chonnairc mé ré liopard, agus bá cosmhuil a chosá ré cosuibh mhathghamhuin mhóir, agus bá cosmhuil a bhéul ré béul leomhain: agus tug an dragún a neart féin, agus a chathaóir, agus cúmhachda móra dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an t‐ainmhidhe do chonnacas, do bhí sé cosmhail le liobard, agus bhí a chosa cosmhail le cosaibh mathghamhna, agus bhí a bhéal cosmhail le béal leomhain: agus thug an dragún a neart, agus a árd‐chathaoir, agus cumhacht mhór dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí an beithíoch a chonaic mé mar liopard, agus a chosa mar chosa mathghamhna, agus a bhéal mar bhéal leoin. Agus ba dó a thug an dragún a chumhacht agus a richathaoir agus ardcheannas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa beithre, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a ríchathaoir agus a mhórchumhacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus an beithíoch a chonaic mé ba chuma é nó liopard agus a chosa mar chosa béir, agus a bhéal mar bhéal leoin; agus thug an dragan dó a neart agus a rí-chathaoir agus a mhórchumhacht.