Revelation 13:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadar onóir don dragún noch tug cumhachda don nainmhidhe, agus tugadar onóir don ainmhidhe, ag rádh, Cía as cosmhuil ris a nianmhidhe? Cía fhéudus cogadh dhéunamh ris?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus d’adhradar an dragún, toisc a chumhacht do thabhairt do’n ainmhidhe, g‐á rádh, Cia leis gur cosmhail an t‐ainmhidhe, agus cia h‐é fhéadas cogadh do chur air?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼadhair na daoine an dragún, ó thug sé a chumhacht don bheithíoch allta, agus dʼadhair siad an beithíoch allta, agus deiridís, “Cé tá inchomhraic leis?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: «Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch dá rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?”