Revelation 13:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadh béul do labhrus neithe mora agus blaisphéimigh; agus tugadh cúmhachda dhó cogadh dhéunamh air feadh dhá mhíos agus dá fhichead.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tugadh béal dó ag labhairt go mór‐mhaoidhteach, masluightheach; agus tugadh de chumhacht dó bheith ag oibriú ar feadh dhá mhí agus dá‐fhichid.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bronnadh béal ar an mbeithíoch allta a chuirfeadh briathra díomasacha diamhaslacha as, agus ligeadh an t-ardcheannas leis i gcaitheamh dhá mhí is daichead;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.