Revelation 13:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin do bhéuruidh na huile dhaóine áitreabhas an talamh onóir dhó, an luchd nach bhfuilid a nanmanna sgríobhtha a leabhar bheatha a Nuáin do marbhadh ó thosach an domhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus bhéarfaidh lucht áitreabha na talmhan adhradh dhó, gach duine nach bhfuil a ainmh scríobhtha i leabhar beathadh an Uain do h‐íodhbaradh ó bhunadh an domhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus adharfaidh a maireann sa domhan é, gach duine nach raibh a ainm scríofa roimh bhunú an domhain i leabhar bheatha an Uain a cuireadh chun báis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.