Revelation 14:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus biáidh deatach a bpeannuidhe ag éirighe súas go sáoghal na sáoghal: agus ní bhiáidh suáimhneas do ló agus doidhche, ag an drong do bheir onóir don nainmhídhe agus dá iomháigh, ná ag an tí ghabhus chuige comhartha a anmasan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus béidh deatach a ghéar‐chrádha ag dul suas i n‐áirde go saoghal na saoghal; agus ní bhíonn suaimhneas de ló ná d’oidhche aca‐san do‐ghní adhradh do’n ainmhidhe agus d’á íomháigh, ná ag aon duine ghlacas chuige marc a ainme.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bíonn toit a gciaptha ag dul in airde go saol na saol; gan faoiseamh lae ná oíche ag lucht adhartha seo an bheithígh allta agus a íomhá, ná ag cibé duine dá nglacann comhartha a ainm air féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá deatach a bpianta ag éirí aníos ar feadh na síoraíochta. Ní bhíonn sos isló ná istoíche ag an dream a shléachtann le hómós don bheithíoch agus dá dhealbh ná ag aon duine a ghabhann marc a ainm chuige.”