Revelation 14:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúala mé gúth ó neamh ag rádh riom, Sgríobh, Is beannuighe na mairbh do gheibh bás sa Dtíghearna feasda: A seadh a deir an Spiorad, go sguirfid síad feasda dhá sáothar; agus leanuid a noibreacha íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chualas glór ó neamh, g‐á rádh, Scríobh, Is beannuighthe na mairbh do‐gheibh bás san Tighearna ó’n am so feasta: Is eadh, adeir an Spiorad, chum go bhfaighidh siad suaimhneas ó n‐a saothar; óir leanann a ngníomhartha iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuala mé glór ó neamh ag rá, “Scríobh é seo: Is beannaithe as seo amach a bhfaigheann bás i gcreideamh an Tiarna.” “Is beannaithe iad dáiríre,” a deir an Spiorad, “sa chruth go mbeidh scíth acu óna n-oibreacha, mar bíonn a ndea-ghníomhartha á leanúint.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: «Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.» «Is beannaithe go deimhin,» a deir an Spiorad, «i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n-oibreacha á leanúint.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chuala an guth ó na flaithis dá rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scoirfidh siad dá saothar mar tá a n-oibreacha dá leanúint.”