Revelation 14:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic aingeal eile amach as an dteampoll, ag éighme do ghúth árd ar an tí do bhí na shuidhe air a néull, Saith a steach do chorrán, agus buáin: óir rug aimsir na buána ort; óir atá fóghmhar na talmhan apuidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig aingeal amach as an teampall, g‐á ghlaodhach de ghuth árd chuige‐sean do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, Cuir isteach do chorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am chum bainte tagtha; óir atá fóghmhar na talmhan thar a bheith aibidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall, gur scairt i nglór ard leis an té a bhí ina shuí ar an néal, “Cuir do chorrán ann agus bain an barr, mar is lán aibí é fómhar an talaimh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, á rá: «Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig aingeal eile amach ón teampall, ag glaoch in ard a ghutha ar an té a bhí ina shuí ar an néal, dá rá: “Sáigh isteach do chorrán agus bain; óir tá aimsir an fhómhair tagtha agus tá fómhar an domhain seanabaí.”