Revelation 14:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do sháith an tí do bhí na shúidhe air a néull a chorrán a steach fán dtalamh; agus do beanadh an talamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an té do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, do chaith sé a chorrán ar an talamh; agus do baineadh fóghmhar na talmhan.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus leis sin thug an té a bhí ina shuí ar an néal aon mhórbhuille amháin lena chorrán ar an talamh, agus baineadh leis sin fómhar an talaimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin d' imir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin dʼimir an té a bhí ina shuí ar an néal a chorrán ar fhómhar an domhain agus baineadh fómhar an domhain.