Revelation 14:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic aingeal eile amach as an teampull noch atá ar neamh, ag a raibh iomorro corrán géur.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall atá ar neamh, agus corrán géar aige‐sean, leis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall a bhí ar neamh, a raibh corrán líofa aigesean freisin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig aingeal eile amach ón teampall sna flaithis agus corrán géar aigesean chomh maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tháinig aingeal eile amach ón teampall sna flaithis agus corrán géar aige-sean chomh maith.