Revelation 14:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic aingeal eile amach ón altóir, agá raibh cúmhachda ós cionn na teineadh; agus do éigh sé do ghúth árd air an ti agá raibh an corrán géur, ag rádh, Saith a steach do chorrán géur, agus cnúasuigh tarpáin fhíneamhna na talmhan; óir atáid a cáora apuidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig aingeal eile amach ó’n altóir, ag a raibh cumhacht ar theinidh aige; agus do ghlaodh sé de ghuth árd chuige‐sean go raibh an corrán géar aige, g‐á rádh, Cuir isteach do chorrán géar agus bailigh caora fineamhna na talmhan; óir atá a caora lán‐aibidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig aingeal eile ansin ón altóir, an t-aingeal sin a bhí i gceannas na tine, gur scairt in ard a ghlóir leis an té a raibh an corrán líofa aige, “Cuir do chorrán ann, agus cruinnigh craobhacha fhíniúin an talaimh, mar is lánaibí atá a chaora.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus an t-aingeal a bhí i gceannas na tine, tháinig sé amach ón altóir agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar an té ag a raibh an corrán géar á rá: «Sáigh isteach do chorrán géar agus bailigh crobhaingí fíniúna an domhain, óir is abaí dá chaora go léir.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus an t-aingeal a bhí i gceannas na tine, tháinig sé amach ón altóir agus ghlaoigh sé in ard a ghutha ar an té ag a raibh an corrán géar dá rá: “Sáigh isteach do chorrán géar agus bailigh crobhaingí fíniúna an domhain, óir is abaí dá chaora go léir.”