Revelation 14:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do sháith an taingeal a chorrán a steach fán dtalamh, agus do chnúasuigh sé fíneamhuin na talmhan, agus do theilg é a númair mór fheirge Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chaith an t‐aingeal a chorrán ar an talamh, agus do bhailigh sé caora fíneamhna na talmhan, agus do chaith sé isteach i n‐iomar mór díbheirge Dé iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus leis sin thug an t-aingeal aon mhórbhuille amháin inar chruinnigh sé caora fhíniúin an talaimh, gur chaith isteach iad i gcantaoir mhór fhearg Dé;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus d' imir an t-aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór feirge Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dʼimir an t-aingeal a chorrán ar an domhan, agus bhailigh sé fómhar fíniúna an domhain, agus theilg sé é i gcantaoir mhór fhearg Dé.