Revelation 14:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúaluidh mé gúth ó neamh, mar fhuáim iomad uisgeadh, agus mar fhuáim tóirnigh móire: agus do chúaluidh mé fuáim cláirséoradh ag déunamh ceóil ré na gcláirseachuibh:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chualas glór ó neamh, mar thorann uiscí iomhdha, agus mar fhuaim tóirnighe móire: agus an glór do chualas, do bhí sé mar bhéadh cláirseoirí ag seinm ceoil ar a gcláirseachaibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuala mé an glór ó neamh a bhí mar thorann na dtonnta móra, agus mar ardtuargaint toirní; agus an glór seo a chuala mé bhí sé mar chláirseoirí ag seinm ar a gcláirseacha,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuiltí lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuala mé glór ó neamh mar ghlór tuilte lána, agus mar ghlór toirní tréine. Agus an glór a chuala mé, ba chuma é nó glór cruitirí ag cruitireacht lena gcruiteanna.