Revelation 14:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do channadar mar do bhíadh céol núadh a bhfiadhnuise na cathaóireach, agus a bhfíadhnuise na gceithre mbeathach, agus na seanóireadh: agus níor bhféidir déinneach an céol sin dfoghlaim achd amháin don chéud agus do na ceithre ar dhá fhichead do mhíltibh, do bhí ar na gceannach ón dtalamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do bhíodar ag canadh amhráin, mar bhéadh amhrán úr‐nua, ós cómhair na righ‐chathaoireach, agus os cómhair na gceithre n‐ainmhidhe, agus os cómhair na seanóir: agus ní raibh ar chumas d’aoinneach an t‐amhrán sin d’fhoghlaim, acht amháin do’n chéad ceathrar, agus dá fhichid míle duine do bhí ceannuighthe as a raibh ar talamh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bítear ag ceol amhráin úrnua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre bheithíoch bhithbheo agus os comhair na gcruifreacha. Níor fhéad aon duine an t-amhrán úd a fhoghlaim ach amháin an céad daichead is a ceathair de mhilte a athcheannaíodh ó thalamh an domhain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus canann siad mar a bheadh caintic nua os comhair na rí-chathaoireach agus os comhair na gceithre dhúil bheo agus na seanóirí; níor fhéad aon duine an chaintic a fhoghlaim seachas an céad agus ceithre mhíle agus daichead a bhí ceannaithe ón saol.