Revelation 14:6 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé aingeal eile ag eitealluigh a meadhón neimhe, agá raibh soisgéul síorruidhe chum a shoisgéulta don druing áitreabhas an talamh, agus do nuile chineadh, agus threibh, agus theanguidh, agus phubal,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraidhe aige le n’fhógairt do lucht áitreabha na talmhan, agus do gach cineadh, agus treibh, agus teangain, agus pobal;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé aingeal eile ag eitilt idir spéir agus talamh, agus soiscéal síoraí aige lena fhógairt dá gcónaíonn ar thalamh an domhain, do gach cine agus treibh agus canúint agus pobal;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé aingeal eile agus é ar eitilt i mbuaic Neimhe; bhí dea-scéala síoraí aige le fógairt dá gcónaíonn ar talamh, agus do gach cine, agus treibh agus teanga agus pobal.