Revelation 14:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag rádh do ghúth árd, Bíodh eagla Dé oruibh, agus tuguidh glóir dhó; óir táinic uáir a bhreitheamhnuis: agus déunuigh úmhla don tí do chrúthuigh neamh, agus talamh, agus an fhairrge, agus na tuibruideacha uisge.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus dubhairt sé de ghuth árd, Bíodh eagla Dé oraibh, agus tabhraidh glóir dó; óir atá uair a bhreitheamhnais tagtha: agus déanaidh adhradh do’n té do rinne neamh agus talamh agus muir agus toibreacha an uisce.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt sé os ard, “Bíodh ómós do Dhia agaibh agus tugaigí glóir dó, ó tháinig uair a bhreith-iúnais, agus tugaigí a dhíol adhartha don té a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus toibreacha an fhíoruisce.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sé ag glaoch go hard á rá: «Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíoruisce.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí sé ag glaoch go hard dá rá: “Bíodh eagla Dé oraibh, agus tugaigí glóir dó, óir tá uair a bhreithiúnais tagtha. Sléachtaigí le hómós don té a rinne neamh agus talamh, an mhuir agus na toibreacha fíor-uisce.”