Revelation 15:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chonnairc mé na dhiáigh sin cómhartha mór iongantach eile ar neamh, seachd naingil agá rabhádar na seachd bplágha deigheanacha; óir is ríu sin do coimhlíonadh fearg Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé comhartha eile ar neamh, comhartha mór iontach, seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, arb iad na plánna deireanacha iad, ós leo a ídítear fearg Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontusan a tugadh fearg Dé chun a críche.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé comhartha eile sna flaithis, é mór iontach: seacht n-aingeal agus seacht bplá acu, na cinn deiridh, mar is iontu-san a tugadh fearg Dé chun a críche.