Revelation 15:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc me cosamhlachd fhairrge gloinidhe ar na cúmasg ré teine: agus an luchd rug buáidh ar a nainmhidhe, agus ar a iomháigh, agus ar a chómhartha, agus ar úibhir a anma, na seasamh ag an bhfairrge ghloinidhe, agus cláirseacha Dé aca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas mar bhéadh fairrge ghloine, agus í measctha le teinidh; agus iad‐san tháinig go buadhach ó’n ainmhidhe, agus ó n‐a íomháigh, agus ó uimhir a ainme, ’n‐a seasamh le h‐ais na fairrge gloine, agus cláirseacha Dé aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé mar a bheadh muir théachta de ghloine a raibh tine tríthi, agus chonaic mé an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch allta agus ar a íomhá agus ar uimhir a ainm ina seasamh ar imeall na mara téachta agus cláirseacha Dé idir a lámha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige gloine, agus cruiteanna Dé acu,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin chonaic mé mar a bheadh farraige de ghloine measctha le tine, agus an dream a bhuaigh ar an mbeithíoch agus ar a dhealbh, agus ar uimhir a ainm–bhí siad ina seasamh ar an bhfarraige ghloine, agus cruiteanna Dé acu,