Revelation 15:3 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chanadar cainntic Mhaóise shearbhfhoghantuigh Dé, agus cainntic a Nuáin, ag rádh, As mór iongantach hoibreachasa, a Thíghearna a Dhé Uilechúmhachduigh; is comhthrom fírinneach do shlighese, a Rí na ccineádhach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhíodar ag canadh amhráin Mhaoise seirbhísigh Dé, agus amhráin an Uain, g‐á rádh, Is mór, iongantach iad t’oibreacha, a Thighearna, a Dhia Uile‐chumhachtaigh. Is cóir, fírinneach iad do shlighthe, a Righ na gcinidheach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bíonn amhrán Mhaois, seirbhíseach Dé, agus amhrán an Uain á sheinm acu, á rá, “Is mór agus is iontach iad dʼfhearta, a Thiarna Dia na gcumhacht! Is fírinneach agus is fíorcheart iad do shlite, a Rí na sioraíochta!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: «Is éachtach agus is iontach iad d' oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus bhí siad ag canadh chaintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, dá rá: “Is éachtach agus is iontach iad dʼoibreacha, A Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chosáin, a rí na gciníocha.