Revelation 15:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do líonadh an teampoll ré deatuigh ó ghlóir Dé, agus ó na chúmhachduibh; agus níor bhféidir déineach dul a steach don teampoll, nó go rabhadar seachd bplágha na seachd naingeal ar na gcríochnughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do líonadh an teampall de dheatach ó ghlóir Dé, agus ó n‐a chumhacht; agus níor fhéad aoinneach dul isteach san teampall nó go raibh deireadh déanta de sheacht bpláigheannaibh na seacht n‐aingeal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bhí an teampall lán de dheatach ó ghlóir agus ó chumhacht Dé, agus níor fhéad aon duine an teampall a thaobhú go dtí go raibh críoch curtha leis na seacht bplá a bhí ag na seacht n-aingeal.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d' aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir dʼaon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche.