Revelation 16:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dhóirt an seiseadh aingeal a shoitheach sa nabhuinn mhóir Euphrátes; agus do thiormuigh a huisge, ionnus go mbíadh an tslighe réidh ag ríoghuibh na háirde shoir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do dhoirt an séamhadh h‐aingeal a shoitheach amach ar an abhainn mhóir Eúfrátes; agus do thiormuigh a h‐uisce, chum bealach do réidhteach do na righthibh ó’n domhan thoir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dhoirt an séú haingeal a scála amach os cionn abhainn mhór na hEúfráite, agus triomaíodh a huiscí, leis an mbealach a réiteach roimh ríthe an domhain thoir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar an abhainn mhór, an Eofrataes, agus chuaigh an t-uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dhoirt an séú haingeal a shoitheach ar abhainn mhór na hEofraite, agus chuaigh an t-uisce inti i ndísc, i dtreo go mbeadh bóthar ullamh do na ríthe anoir.