Revelation 16:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Tabhruidh aire ribh, atáim ag teachd mar ghaduighe.) Is beannuighe an tí do ní faire, agus choimhéudus a éuduighe, deagla go siúbhaladh sé lomnochduighe, agus go bhfaicfedís a náire.)
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Seo ag teacht mé mar a thiocfadh gadai! Is beannaithe a fhaightear ina dhúiseacht, agus a chuid éadaí coinnithe slán aige, sa dóigh nach bhfeicfear maoltarnocht gan cumhdach ar a chorp é!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachaidh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfear a náire.”