Revelation 16:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhádar góthanna, agus teinteach, agus tóirrneach ann; agus tárrla crioth mór talmhan ann, nach raibh a leithid ann a ríamh ón trath fá rabhadar daóine ar an dtalamh, chomhmór sin do chrioth talmhan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus do bhí teinteacha, agus glórtha, agus tóirneacha ann; agus do bhí crioth mór talmhan ann, crioth talmhan nach raibh a leithéid ann ó bhí daoine ar domhan, a uamhnaighe do bhí sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí splancacha tine agus torainn arda agus roisteacha toirní ann, agus crith talaimh nach raibh a leithéid ann chomh fada is bhí daoine ar an domhan, bhí sé ina chrith talaimh chomh mór sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tharla tintreacha agus tormáin, agus toirneacha; agus tharla crith mór talún nach raibh a leithéid ann ó tháinig daoine ar an domhan, bhí an crith talún úd chomh tréan sin.