Revelation 16:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do rannadh an chathair mhór a dtrí cotannuibh, agus do thuiteadar caithreacha na gcineadhach: agus tháinic an Bhabilóin mhór a gcuimhne a lathair Dé, ionnus go dtiubhradh sé cupán dfíon chathuigh a fheirge dhi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do briseadh an chathair mhór ’n‐a trí codachaibh, agus do thuit cathracha na gcinidheach ar lár: agus do chuimhnigh Dia ar an mBaibiolóin mhóir, chum cupán fíona a dhíbheirge móire do thabhairt le n’ól di.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus scoilteadh an mhórchathair ina trí chuid, agus thit cathracha na gcríoch go talamh, agus chuimhnigh Dia ar an mBabalóin mhór, lena cur dʼiallach uirthi an cupán sin a ól ba lán dʼfhíon fraochmhar a fheirge.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne trí choda den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, d' fhonn go dtabharfaí cupán fíona chuthach feirge Dé le hól di.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Rinne trí chuid den chathair mhór, agus thit cathracha na gciníocha ar lár. Agus an Bhablóin Mhór, tháinig sí chun cuimhne i láthair Dé, dʼfhonn go dtabharfaí cupán fíona de chuthach fhearg Dé le hól di.