Revelation 16:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do imthigh an chéudaingeal roimhe, agus do dhóirt sé a shoitheach ar an dtalamh; agus do éiridh droch neasgóid nimhneach don druing ar a raibh cómhartha a nainmhidhe, agus don luchd do onóruigh a iomháigh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’imthigh an chéad aingeal, agus do dhoirt sé a shoitheach amach ar an talamh; agus d’éirigh neascóid nimhneach, ghoimheach ar na daoinibh go raibh marc an ainmhidhe ortha, agus do rinne adhradh d’á íomháigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dʼimigh an chéad aingeal mar sin gur dhoirt amach a scála ar an talamh, agus dʼéirigh neascóidí diana déistin-eacha ar na daoine úd a raibh comhartha an bheithígh allta orthu a mbíodh a íomhá á adhradh acu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus d' imigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dʼimigh an chéad aingeal agus dhoirt sé a shoitheach ar an talamh; agus tháinig drochneascóid nimhneach ar na daoine ar a raibh marc an bheithígh agus a shléachtadh le hómós dá dhealbh.