Revelation 16:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thuit cloichshneachda mór a núas ó neamh, a gcómhthrom taluinne air dhaóinibh: agus do mhasluigheadar daóine Día tré phláigh an chloichshneachda sin; óir do bhí a phláigh romhór.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thuit cloich‐shneachta mór, chómh trom le talainn, anuas ó’n spéir ar na daoinibh: agus do mhasluigh na daoine Dia mar gheall ar phláigh an chloich‐shneachta; óir do bhí an phláigh sin an‐mhór.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus fearadh cith mór de chlocha sneachta a raibh céad meáchain i ngach cloch de anuas ó neamh ar na daoine, sa chruth gur thug na daoine a mallacht do Dhia mar gheall ar phlá na gcloch sneachta, bhí an phlá chomh creathnach sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr plá na gclocha sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr phlá na gcloch sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad.