Revelation 16:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do dhoirt an dara haingeal a shoitheach fan bhfairrge; agus tárrla dhi bheith mar fhuil dhuine mhairbh; agus fuáir a nuile bheathach sa bhfairrge bás.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do dhoirt an dara h‐aingeal a shoitheach isteach san bhfairrge; agus do rinne sé fuil mar fhuil duine mhairbh di; agus d’éag gach rud beo, gach a raibh san bhfairrge.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dhoirt an dara haingeal a scála amach san fharraige, agus rinneadh cró fola di mar fhuil ó chorp marbh, agus fuair gach uile dhúil bheo dá raibh san fharraige bás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil san fharraige bás.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dhoirt an dara haingeal a shoitheach ar an bhfarraige agus rinne fuil mar a bheadh fuil chorpáin di, agus fuair gach míol beo dá bhfuil sa bhfarraige bás.