Revelation 16:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúala mé aingeal na nuisgeadh ag rádh, Is cómhthrom thú, a Thíghearna, noch atá, agus do bhí, agus bhías, tré go rug tú breath air na neithibhse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do rinneadh fuil díobh. Agus do chualas aingeal na n‐uiscí g‐á rádh, Is tusa atá cóir, cothrom, tusa atá agus do bhí ann an tAon Naomhtha, de chionn an bhreitheamhnais atá déanta agat:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuala mé aingeal an uisce ag rá, “Is ceart cothrom tú sna breithiúnais seo agat, a Athair bheannaithe atá agus a bhí riamh ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chuala mé aingeal na n-uiscí á rá: «Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chuala mé aingeal na n-uiscí dá rá: “Is cóir thú, an té atá ann, agus a bhí, ós mar seo a thug tú breith, tusa atá naofa.