Revelation 17:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic aingeal do na seachd nainglibh agá rabhadar na seachd soithighe, agus do labháir sé riom, ag rádh riom, Gabh a leith; taisbéana mé dhuit dámnughadh na méirrdrigh móire atá na suidhe ár uisgedhibh iomdha:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe aca, agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit breitheamhnas na méirdrighe móire atá suidhte ar uiscibh iomdha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig aingeal de sheacht n-aingeal na seacht scála chugam ansin agus ar seisean liom, “Tar uait, go dtais-peána mé duit breithiúnas na striapaí móire a shuitear ar na móruiscí,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig ceann de na seacht n-aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom á rá: «Gabh i leith! taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuiltí lána.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tháinig ceann de na seacht n-aingeal leis na seacht soitheach chugam, agus labhair sé liom dá rá: “Gabh i leith! Taispeánfaidh mé duit an breithiúnas ar an striapach mhór, í siúd atá ina suí ar na tuilte lána.