Revelation 17:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus rug sé ris mé fán bhfásach trés an spioruid: agus do chonnairc mé bean na snidhe ar ainmhidhe air dháth na sgárrlaóide, lán danmannuibh blaísphéimighe, ar a rabhadar seachd gcinn agus deich nadhárca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus rug sé leis mé san Spiorad isteach i bhfásach, agus do chonnacas bean ’n‐a suidhe ar ainmhidhe do bhí ar dhath corcra, é lán d’ainmneachaibh dia‐mhaslaidh, agus seacht gcinn agus deich n‐adharca aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼiompair sé amach chun an fhásaigh mé faoi anáil an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ag marcaíocht ar mhuin an bheithígh allta scarlóidigh a raibh a chorp lán dʼainmneacha diamhaslacha, agus a raibh seacht gcinn agus deich n-adharc air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n-adharc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)