Revelation 17:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an bhean ar na héudúghadh do phúrpair agus do sgárrlaóid, agus ar na hóradh ré hór agus ré clochuibh morluáidh agus ré péurluighidh, agus do bhí cupán órrgha aice na láimh lán do ghráineamhlachd agus do neamhghloine a sdríopachais.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí an bhean clúduighthe fá éadaighibh caoir‐dhearga agus corcra, agus do bhí sí maisighthe le h‐ór agus le clochaibh luachmhara agus le péarlaibh, agus do bhí cupán óir ’n‐a láimh aici, agus é lán de dheistean agus de bhréantas a drúise,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí an bhean cóirithe i gcorcra agus i scarlóid agus maisithe le hór agus le seoda agus le péarlaí, agus bhí cupán óir ina láimh a bhí lán de ghráiniúlacht agus de mhígheanmnaíocht a drúise;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán d' uafáis agus de shalachair a striapachais.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí an bhean gafa i gcorcra agus i gcraorag, agus í órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí. Bhí cupán óir ina deaslámh agus é lán dʼuafáis agus de shalachair a striapachais.