Revelation 17:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chonnairc mé an bhean sin air misge dfuil na náomh, agus dfuil mhairtíreach Iósa: agus ar na faicsin damh, do ghabh iongnadh romhor mé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnacas an bhean ar meisce le fuil na naomh, agus le fuil mairtíreach Íosa. Agus ag amharc dom uirthi, tháinig árd‐iongnadh orm.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic mé an bhean sin agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil mhairtírigh Íosa. Agus rinne mé iontas mór di nuair a chonaic mé í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil fhinnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.