Revelation 17:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dúbhairt an taingeal riom, Cred fá ngabhann iongadh thú? foillséochadsa dhuit rúindíamhair na mná, agus a nainmhidhe iomchras í, ar a bhfuil seachd gcinn, agus deich nadharca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt an t‐aingeal liom, Cad chuige an t‐iongnadh sin ort? Míneochad‐sa dhuit rúindiamhair na mná agus an ainmhidhe iomcharas í, go bhfuil na seacht gcinn agus na deich n‐adharca aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dúirt an t-aingeal liom; “Cad é ábhar dʼiontais? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus rúndiamhair an bheithígh a bhfuil seacht gcinn agus deich n-adharc air, a iompraíos í.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt an t-aingeal liom: «Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá á hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n-adharc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt an t-aingeal liom: “Cad a bheir ionadh ort? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus an bheithígh atá dá hiompar, é siúd ar a bhfuil seacht gceann agus deich n-adharc.”