Revelation 17:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tainmhidhe do chonnairc tú do bhí sé ann, agus ní bhfuil; agus eiréochuidh sé a níos as an bpoll dubhaigéin, agus do gheubhuidh a sgrios: agus budh hiongnadh ris an luchd áitreabhas an talamh, (ag nach bhfuil a nanmanna sgríobhtha a leabhar na beatha o thus an domhain,) an tan do chífid an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bfhuil, agus fós atá.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann, ach níl sé ann anois. Tá i ndán dó éirí aníos as an duibheagán agus imeacht chun scriosta. Agus an méid sin de dhaoine an tsaoil seo nach bhfuil a n-ainmneacha scríofa ó shuíomh an domhain i leabhar na beatha, beidh iontas orthu an beithíoch allta sin a fheiceáil, cionn is go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann agus go bhfuil sé le teacht.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d' áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagán agus tá sé ar bhóthar a léir-scrios ta. Agus iad siúd dʼáitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n-ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.