Revelation 18:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a ndiáigh na neitheannsa, do chonnairc mé aingeal ag teachd a núas ó neamh, agá raibh cúmhachda móra; agus do dheallruidh an talamh ré na ghlóir.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Tar éis na neithe seo do chonnacas aingeal eile ag teacht anuas ó neamh, agus cumhacht mhór aige; agus do lonnruigh an talamh le n‐a ghlóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chonaic mé ina dhiaidh sin aingeal eile ag teacht ó neamh, a raibh cumhacht mhór aige; agus chaith a ghlóirsean solas ar fud an domhain.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ina dhiaidh seo i bhfís chonaic mé aingeal eile ag teacht anuas ó na flaithis, agus údarás mór aige, agus lonraigh an domhan lena ghlóir.