Revelation 18:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A nearradha óir, agus airgid, agus chloch mbúadha, agus pheurluidheadh, agus línéuduigh cáol, agus phurpair, agus síoda, agus sgárlaóide, agus gach gné adhmuid thine, agus gach gné shoithidh nithear dfiaclaibh elephaint, agus gach gné shoithidh níthear dadhmad mhórluáidh, agus do phrás, agus díarann, agus do mharmar,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
luchta óir agus airgid, agus cloch luachmhar, agus péarlaí, agus línéadaigh mhín, agus corcra, agus síoda, agus caoir‐dheirge; agus gach saghas adhmaid liomóide, agus gach saghas soithigh déid, agus gach saghas soithigh atá déanta d’adhmad luachmhar, agus d’umha, agus d’iarann, agus de mharmar;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
lastaí dʼór agus dʼairgead, seoda agus péarlai, mínlínéadach agus corcra agus síoda agus scarlóid, adhmad cumhartha agus gach cineál ball trioca as eabhair agus as adhmad is daoire, cré-umha agus iarann agus mannar,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
lasta óir ná airgid, ná cloch lómhar, ná péarlaí, lasta línéadaigh mhín ná éadaigh chorcra, ná síoda, ná scarlóide, ná aon adhmad cumhra, ná aon ghréithe eabhair ná adhmaid mhórluachaigh, ná práis, ná iarainn, ná marmair;