Revelation 18:14 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Agus do imthigheadar na tórtha ann a raibh fonn ag thanam uáid, agus do imthigheadar na huile neithe méithe maiseacha uáid, agus ní bhéid síad ar fágháil féasda agud.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus na tortha gur chuir t’anam dúil ionnta, atá siad imthighthe uait, agus atá gach uile nidh glé‐mhaiseach, glórmhar, imthighthe uait, agus ní bhfaighfear iad arís go deoidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Dʼimigh na torthaí uait ba mhian le do chroí, chaill tú na bianna blasta agus an mhórchúis a bhí agat, gan fáil agat orthu arís choíche!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tá fómhar mór mhiangas d' anama éalaithe uait. Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Tá fómhar mór mhiangas dʼanama éalaithe uait. Tá imeacht gan teacht déanta ag do shólaistí agus ag do ghalántacht go léir.”