Revelation 18:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag rádh, As trúagh, trúagh an chathair mhór, do bhí ar na héudughadh do linéudach caól, agus do phurpaír, agus do sgárlaóid, agus do bhí ar na hóradh ré hór, agus ré clochuibh búadha, agus ré péurluighibh!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mór do bhíodh clúduighthe le línéadach mín, agus le corcra, agus le h‐éadach caoir‐dhearg, agus do bhíodh maisighthe le h‐ór, agus le seodaibh luachmhara, agus le péarlaibh!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus iad ag caoi agus ag mairgneach mar seo in ard a gcinn, “Faraoir géar, an chathair mhór sin a cóiríodh i línéadach min, i gcorcra agus i scarlóid, a maisíodh le hór agus le seoda agus le péarlai!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
á rá: «Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
dá rá: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.