Revelation 18:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do thóg aingeal néartmhar áirighe cloch suás mar chloich mhóir mhuilinn, agus do theilg í sa bhfairrge, ag rádh, Is mar so teilgfidhthear an Bhabilón an chathair mhór síos ré foirrneart, agus ní bhiáidh air fagháil ní sa mhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do thóg aingeal tréan‐láidir cloch do bhí cosmhail le cloich mhóir mhuilinn, agus do theilg sé isteach san bhfairrge í, g‐á rádh, Mar seo is eadh leagfar go tréan‐adhbhal Baibilóin, an chathair mhór, agus ní bhéidh sí le fágháil arís go deoidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba ansin a thóg tréanaingeal cloch ba chosúil le cloch mhór mhuilinn gur chaith amach san fharraige í, agus ar seisean, “Is mar sin a chaithfear cathair mhór na Babalóine anuas le fuinneamh is le forneart, go dtí nach mbeidh a lorg le fail;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach san fharraige í á rá: «Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir d' aon iarracht, gan fáil uirthi feasta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin thóg aingeal tréan carraig mar lia mór bró agus chaith sé isteach sa bhfarraige í dá rá: “Mar sin is ea a theilgfear an Bhablóin, an chathair mhór, chun láir dʼaon iarracht, gan fáil uirthi feasta.